kalimah.top
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

the gloaming – áthas (joy) كلمات اغاني

Loading...

[véarsa 1]
ag siúl romham
bím ag c-madh im cheann
línte is frásaí fánacha
a ritheann liom
le buille an mhaide
le rithim na mbonn
(línte is frásaí a ritheann liom)

[véarsa 2]
ní éilím faic (anois) orm fhéin
ach taithneamh nó greann
a thabhairt dá bhfuil ann
is ligim don tocht féin
nochtadh gan náire
más é sin m’fhonn

[cúrfa]
rófhada bhíos i ngreim
ag déantús an dáin
is go bhfuil m’aird iomlán
anois ar charn castán
á choscairt faoim chaol
lá seo an áthais tráth an fhómhair im shaol

[droichead]
scaoileadh leis ar chuma an éin
a aimsíonn míorúilt sheasta an aeir

[cúrfa]
rófhada bhíos i ngreim
ag déantús an dáin
is go bhfuil m’aird iomlán
anois ar charn castán
á choscairt faoim chaol
lá seo an áthais tráth an fhómhair im shaol

كلمات أغنية عشوائية

اهم الاغاني لهذا الاسبوع

Loading...