súil amháin – viva liobarnach كلمات اغاني
[intro]
viva liobarnach!
[véarsa 1
le fáinne geal an lae ní bhead fhéin ag éirí as an gcnaiste
i mo scraiste gan mhaíomh, i mo shuí chomh déanach ó oíche aréir
ceapann na comharsain béaldoiris gur mochóirí mé
timpeall am eatarthu, cuirim an mhéar fhada ar an gcnaipe suain
snooze cúig neomat ar feadh cúig uair an chloig
inis tuaisceart ina steillbheathaidh
rap ar an ndoras ag dul síos go tóin poill m’fhochomhfheasa
ar chuma pléascáin ag macallú i dtír iasachta mo bheart ón ísiltír is dócha
ardfhear é fear a’ phóist, fágann rudaí is buaileann bóthar
am mhairbh na hoíche, an uair a bhím beo
stella artois as babhla louis mulcahy agam á ól
‘seanchainteoirí’ ar fud an tí ag déanamh gleo
táimse i mo chodladh ní theastaíonn uaim bheith woke
ansan ag faobhar an lae éirím like gearóid iarla
gan agam á chaitheamh ach dryrobe fuaireas ar líne
dom aintín mary dá lá breithe, ach toisc go raibh na haon rud eile
salach, beidh orm ceann eile dhi a cheannach
stíl saoil spéisiúil is ea é seo, ag casadh coincíní daoine uaisle
le boladh lofa an tsaibhris óm dheireadh thiar like lynx
f_ck peterson, ní dhéanfad mo leaba go deo aríst
i’m a bowsy chomh bougie le td
teasp_ch an diabhail ag tarrac leasa shóisialaigh
saor ó karma toisc a laghad atá ar siúl
a oiread seanbheatha ag fás im chistin chúil athuair
gur ceantar é ar fiú a chaomhnú
ar mhaithe le bheith bithéagsúil
[pre_chorus]
seo é, tá buaite againn ar an saol!
níl ach oideas bídh amháin de dhíth orainn: an t_aer!
agus béiltí trí chúrsa
à la cárta creidmheasa
à la cárta creidmheasa!
[cúrfa]
ní fhaca an ghrian le trí lá
ní fhaca an ‘féisín’ seo ag fás
ní fhaca snas ag teacht ar na mugaí
an bhfuil agat aon lasán?
ní fhaca an ghrian le trí lá
ní fhaca an ‘féisín’ seo ag fás
ní fhaca snas ag teacht ar na mugaí
an bhfuil agat aon lasán?
[outro]
viva liobarnach!
كلمات أغنية عشوائية
- sizzy rocket › sizzy rocket – harley كلمات اغاني
- separ › separ – týmto كلمات اغاني
- krazy koomz › krazy koomz – tears (眼淚) كلمات اغاني
- flaming calibers › flaming calibers – moonlight كلمات اغاني
- theo katzman › theo katzman – crappy love song – live from azusa, ca 2016 كلمات اغاني
- saint ripley › saint ripley – new american dream كلمات اغاني
- brock ansiolitiko › brock ansiolitiko – alma كلمات اغاني
- travis thompson › travis thompson – die today كلمات اغاني
- a swift farewell › a swift farewell – what you wanted كلمات اغاني
- part time › part time – she wonder’s what it’s like كلمات اغاني