iarla ó lionáird – casadh an tsúgáin / frankie’s song كلمات اغاني
agus rinne mise cleas
ag tigh mhic ui dhomhnaill aréir
is an tarna cleas ag teach
an ósta lena thaobh
an triú cleas ní bfhearr domh
a chur le mo scéal
is gur mhinicí domh bheith ag caitheamh
an dúthracht mhaith léi
a rí na bhfeart cad do chas
ins a’ dúiche seo mé?
‘s gur mó cailín deas a gheobhainn
im’ dhúthaigín beag féin
gur casadh mé isteach mar a raibh searc
agus rún geal mo chléibh
is chuir an tseanbhean amach mé
ag casadh an tsúgáinín féir
curfá:
má bhíonn tú liom, bí liom
a stóirín mo chroí
ma bhíonn tú liom, bí liom
os comhair an tsaoil
ma bhíonn tú liom, bí liom
gach orlach de do chroí
is é mo liom go fann nach liom
dé domhnaigh thú mar mhnaoí
tá mo cheannsa liath le bliain
is ní le críonnacht é
ní bheathaíonn na briathra
na bráithre pé sa domhan scéal é
is táim i do dhiaidh le bliain
is gan fáil agam ort féin
is gur geall le fia mé ar sliabh
go mbeadh gáir chon ina dhéidh
do threabfainn, d’fhuirsinn
chuirfinn síol ins a’ chré
‘s do dhéanfainn obair shocair
álainn, mhín, réidh
do chuirfinn crú fén each
is mire shiúil riamh ar féar
is ná héalaodh bean le fear
ná déanfadh san féin
كلمات أغنية عشوائية
- katy garbi › katy garbi – οσο θα λειπεις (oso tha leipeis) كلمات اغاني
- the bee › the bee – intro كلمات اغاني
- willywealth › willywealth – brand new swagg كلمات اغاني
- matt springfield › matt springfield – things i’ve said كلمات اغاني
- ariel rot › ariel rot – el tiempo lo dira – con los ronaldos كلمات اغاني
- kazik › kazik – ja tu jeszcze wrócę كلمات اغاني
- chain reaction › chain reaction – answers – adaro remix كلمات اغاني
- los caligaris › los caligaris – la montaña كلمات اغاني
- freddie gibbs › freddie gibbs – i’m the man كلمات اغاني
- the staple singers › the staple singers – (sittin’ on) the dock of the bay – single version كلمات اغاني