kalimah.top
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

fs – an buachaillín bhán كلمات اغاني

Loading...

tá mo chroí_se go tláth lag
‘s i lár mo chuid saothair
tagann lán tocht im chléibhse
cé nár mhéin liom é rá
tá an díbirt i ndán dom
ó bháin bheannaibh éireann
is fánach mo shaolsa
‘s is déarach mo chás
is cuimhin liom an tráth
úd a ghrá ghil na n_ae istigh
thugas grá searc is géilleadh
dod chaomh roisc thar chách
a rí ghil na n_árann
dob fhearr liom go n_éagfainn
i láthair mo ghaolta
is mo bhuachaillín bán
tá críoch inis failbhe
go lán fad’ i ndaor bhroid
go cráite ‘s go céasta
i ngéibhinn na namhad
nó an fíor nach foláir duit
go brách bheith go déarach
a oileáinín bhig mhaorga
na naomh is na mbard
ó guímse go hard
ar an ard athair naofa
chun ár agus léir_scrios
do dhéanamh ar sheán
do dhíbir na táinte
thar sáile ‘na gcéandta
‘s chuir fán orm féinig
óm’ bhuachaillín bán

كلمات أغنية عشوائية

اهم الاغاني لهذا الاسبوع

Loading...