celia ní fhátharta – cúirt bhaile nua كلمات اغاني
lá breá dár éiríos ar maidin
ag triall dhom ar chúirt bhaile nua
cé a d’fheicfinn ach neilí ag dul tharam
‘s ba ró-dheas é a leagan ‘s a snua
bhí a grua bán níos gile ná an eala
ná sneachta mín éadrom an lae
‘gus, a stóirín, nach trua leat mo chás-sa
mar is lag lúbach a d’fhága tú mé
tá teachín deas gleoite sa ngleann agam
agus bím ann go huaigneach liom fhéin
‘s dhá dtiocfadh mo neilí ar cuairt agam
thabharfainn póigín dheas mhilis dhá béal
nach iomaí cailín deas a chroithfeadh láimh liom
‘s a thiocfadh ar cuairt agam le mí
ach dhá bhfaighinnse leo ór buí agus diamonds
sí neilí atá i gceartlár mo chroí
‘s cén t-iontas dhá lasfadh an talamh
cén t-iontas dhá mbrisfeadh mo chroí
cén t-iontas mo shúile bheith leatsa
is a liachtaí deoir a shil siad le mí
tá mise tinn brónach le fada
deir mo mhuintir gur athraigh mo shnua
ag dearcadh go géar ar an gcailín
atá ina cónaí i gcúirt bhaile nua
ach brón ar an té nach mbíonn críonna
is nach ndéanann gach ní mar is cóir
mar is mise mé fhéin a bhí ciontach
nach ndeachaigh mé in am faoina cóir
ó, thabharfainnse cliú agus cáil di
ach níl goir agam labhairt léi níos mó
‘s shiúlfainn seacht ríochta na héireann
leis an bpéarla atá i gcúirt bhaile nua
كلمات أغنية عشوائية
- gin wigmore › gin wigmore – bad got me good كلمات اغاني
- troy ave › troy ave – chuck norris (hoes & gangstas) كلمات اغاني
- skoop on somebody › skoop on somebody – so angelic كلمات اغاني
- romeo santos › romeo santos – vale la pena el placer كلمات اغاني
- syfez › syfez – click كلمات اغاني
- hoodie allen › hoodie allen – surprise party كلمات اغاني
- aaron doh › aaron doh – love hangover كلمات اغاني
- yore › yore – knew better كلمات اغاني
- saykoji › saykoji – seribu tahun lagi كلمات اغاني
- gunplay › gunplay – leave da game كلمات اغاني