aoife ní fhearraigh – nuair a bhí mise óg كلمات اغاني
nuair a bhí mise óg
ó ba dheas is ba dóighiúil
a’ scafaire stócaigh mé
‘súil’ na mban óg
bhínn á mealladh ‘s á bpógadh
is shiúlainn a’ rod leo
‘s bhínn carthanach cóir leo
gan mhairg gan bhrón
bhíodh rosca gach bruinnil’
a’ lasadh le loinnir
‘s gach dealramh níos glinne
le lúcháire romham
‘s mo ghuthsa gur bhinne leo
‘chluinstin sa chruinniú
ná’n píobaire ‘seinm
ó mhaidin go neoin
och, och, ar a’ lá sin
murab é bhain a’ bláth domh
‘s é d’fhág mé mar ‘tá mé
‘mo chréatúr gan dóigh
‘s é chloígh mé ‘s é chráigh mé
gur chaolaigh mo chnámha
‘s d’fhág meath mar ar mo shláinte
nach leigheastar go deo
‘s iomaí bean álainn
ó chorcaigh go málainn
a chaith seal ar láimh liom
mo chreach is mo léan
‘s mé ‘g imeacht gan ábhar
arís is á bhfágail
go cloíte lag cráite
faoi leatrom leo féin
thit mallacht gach duine acu
‘bhfiormhullaigh ‘n chinn orm
d’imigh mo bhláth
‘s níor fhan ribe ar mo mhaol
ach mo sheanbhlagad feannta
le síon is le haimsir
‘mo chréatúr a’ drandán
fé bhuaireamh a’ tsaoil
ach anois iarraim pardún
go léir ar na staidmhná
‘bhí cineálta cairdiúil liom
lá breá den tsaol
ná táthar a’ rá liom
gur d-mnaithe ‘tá me
‘s nach dual domh go brách fáil
go flaitheas na naomh
ach an n-aidimse ‘dhia
go mb’fhearr liom go síoraí
‘bheith ‘n ifreann na bpian
i measc cairde mo chléibh
ná bheith ‘bhflaithis in airde
‘measc túitní cráifeach’
nach dtuigfeadh a’ cás
a d’fhág mise faoi léan
och, och, ar a’ lá sin
murab é bhain a’ bláth domh
‘s é d’fhág mé mar ‘tá mé
‘mo chréatúr gan dóigh
‘s é chloígh mé ‘s é chráigh mé
gur chaolaigh mo chnámha
‘s d’fhág meath mar ar mo shláinte
nach leigheastar go deo
كلمات أغنية عشوائية
- out cold › out cold – confusion in traitor town (dubwood re-rub) كلمات اغاني
- k i z › k.i.z. – halbstark – tai jason rmx كلمات اغاني
- king libra › king libra – black october كلمات اغاني
- sasa stubbs › sasa stubbs – the fame and the money كلمات اغاني
- tim north › tim north – fuck luck كلمات اغاني
- ison fille › ison & fille – jag gillar det كلمات اغاني
- celldweller › celldweller – good l_ck (yo_’re f_cked) كلمات اغاني
- keher › ke$her – miševi كلمات اغاني
- t witz › t. witz – lines كلمات اغاني
- doughboyz cashout › doughboyz cashout – ghetto gold كلمات اغاني