kalimah.top
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

antoine ó raifteiri – máire ní eidhin كلمات اغاني

Loading...

ar mo dhul chuig an aifreann le toil na ngrásta
bhí ‘n lá ‘cur báistí is d’ardaigh gaoth
casadh an ainnir liom le taobh chill tártain
is thit mé láithreach i ngrá le mnaoi
do labhair mé léithe go múinte mánla
‘s de réir a cáilíocht’ do fhreagair sí
sé dúirt sí – “raft’rí, tá m’intinn sásta
‘gus gluais go lá liom go baile uí laí”

nuair a fuair mé an tairiscint níor lig mé ar cairde é
ach rinne mé gáire ‘gus ghet mo chroí
ní raibh le gabháil againn ach trasna páirce
níor thug muid an lá ann go tóin an tí
leag sí anuas bord a raibh gloine is cárt air
is cúilín fáinneach le m’ais ina suí
‘séard dúirt sí: ‘raiftaraí, bí ag ól is céad fáilte
tá an siléar láidir a’ainn i mbaile uí lí

sí máire ní eidhin an stáidbhean bhéasach
ba dheise méin agus b’áille gnaoi
dhá chéad cléireach ‘s a gcur le chéile
agus trian a tréithre ní fhéadfadh scríobh
buail sí déirdre le breáthacht is véineas
is dá n_abrainn hélen le’r scriosadh an traoi —
ach scoth ban éireann as ucht an mhéid sin
an pósae gléigeal ‘tá i mbaile uí laí

nach aoibhinn aerach ar thaobh an tsléibhe
is tú ag féachaint síos uait ar baile uí lí
a’ siúl na ngleannta a’ baint cnó is sméara
‘gus ceiliúr éan ann mar na ceolta sí
níl brí sa méid sin dá bhfaigheá léargas
ar bláth na gcraobh ‘tá lena thaobh
níl maith dá shéanadh níos fada ar aon neach
a spéir na gréine, is tú grá mo chroí

dá siúilfeá sasana ‘s an fhrainc le chéile
an spáinn, an ghréig ‘s ar ais arís
ó bhruach loch gréine go béal loch éirne
‘s ní fheicfeá féirín ar bith mar í
a grua thrí lasadh is a mailí caola
a haighaidh dá réir is a béal tais mín
scoth ban éireann, is as ucht an scéil sin
a thug mé an chraogh dhuit i mbaile lí

a réalt tsolais, is a ghrian bhreá an fhomhair
a chúilín ómra a mheall mo chroí
siúil ar uaigneas liom go ndeanfaidh ár gcomhairle
fá choinne an domhnaigh cá mbeidh ár suí
níor mhór liom ceol dhuit gach aon tráthnóna
puins ar bord is dá n_ólta fíon
ach rí na glóire, go dtriomaí an bóthar
is go bhfaighe mé an t_eolas ar ais aríst

كلمات أغنية عشوائية

اهم الاغاني لهذا الاسبوع

Loading...