
traditional - róisín dubh كلمات أغنية
is fada an réim a léig mé léi ó inné ‘dtí inniu
trasna sléibhte go ndeachas léi, fé sheolta ar muir;
an éirne is chaith mé ‘léim í, cé gur mór é an sruth;
‘s bhí ceol téad ar gach taobh díom is mo róisín dubh
mhairbh tú mé, a bhrídeach, is nárbh fhearrde dhuit
is go bhfuil m’anam istigh i ngean ort ‘s ní inné ná inniu;
d’fhág tú lag anbhfann mé i ngné is i gcruth_
ná feall orm is mé i ngean ort, a róisín dubh
shiubhalfainn féin an drúcht leat is fásaigh ghuirt
mar shúil go bhfaighinn rún uait nó páirt dem thoil
a chraoibhín chumhra, gheallais domhsa go raibh grá agat dom
_’s gurab í fíor_scoth na mumhan í, mo róisín dubh
dá mbeadh seisreach agam threabhfainn in aghaidh na gcnoc
is dhéanfainn soiscéal i lár an aifrinn do mo róisín dubh
bhéarfainn póg don chailín óg a bhéarfadh a hóighe dhom
is dhéanfainn cleas ar chúl an leasa le mo róisín dubh
beidh an éirne ‘na tuiltibh tréana is réabfar cnoic
beidh an fharraige ‘na tonntaibh dearga is doirtfear fuil
beidh gach gleann sléibhe ar fud éireann is móinte ar crith
lá éigin sul a n_éagfaidh mo róisín dubh
كلمات أغنية عشوائية
- urban d - who do you serve? كلمات أغنية
- 4sai - ragùstar كلمات أغنية
- the chyldren (uk) - sins كلمات أغنية
- t.t.e.0. - splitting hairs كلمات أغنية
- caravan - tuesday is rock and roll nite كلمات أغنية
- playa ceo - bloodyclouds كلمات أغنية
- cobrazz2muzzik - keep walkin كلمات أغنية
- alamo (band) - question raised كلمات أغنية
- joke (ita) - cheetahloverr3 كلمات أغنية
- элджей (eldzhey) - я никогда (i never) كلمات أغنية