
joe heaney - anach cuain كلمات أغنية
má fhaighimse sláinte is fada bheas tráchtadh
ar an méid a báthadh óas anach cuain
mo thrua amáireach gach athair is máthair
bean is páiste atá ag sileadh súl;
a rí na ngrásta, a cheap neamh is párthas
nár bheag an tabhacht duine beirt nó triúr
ach lá comh breá leis gan gaoth ná báisteach
lán an bháid acu a scuabadh ar siúl
ansiúd dé haoine, a chliunfeá an caoineadh
ag teacht gach taoibh agus greadadh bos
an lá thar oíche trom tuirseach claoite
gan ceo le deanamh acu ach a síneadh corp;
a dhia sa críosta, a d’fhulaing iobairt
a cheannaigh go firinneach an bocht sa nocht
go parthas naofa, go dtug tú saor leat
gach créatúr díobh, gar thit faoin loch
nár mhór an t_íonach os comhair na ndaoine
iad fheiceáil sínte ar chúl a gcinn
screadach is caoineadh a scanródh daoine
bhí gruaig dá cíoradh, is an chreach dá roinnt;
bhí buachaillí óga ann ag teacht don fhómhar
dhá síneadh ar chrócair, is dhá dtabhairt go cill
ba é gleas a bpósta a bhí dhá tdórramh
ach a rí na gloire, nár mhór an fеall?
baile clair a bhí in aice láimhe
níor lig an t_ádh dhóibh a dhul aníos
bhí an bás chomh láidir níor thug sé cairdе
d’aon mhac máthair dár rugadh ariamh;
mar an scéal a ceapadh dhóoibh lá seo a mbáite
a rí na ngrásta, nár bhocht an ní
a gcaille uile gan loch ná sáile
le sean bhád gránna is iad láimh le tír
milleán géar ar an ionad céanna
nár lasa réalt ann ‘s nár éirí grian
a bháigh an méid úd a thriall in éindí
go gaillimh in éineacht go moch déardaoin
bhris an bád ‘s báthadh na daoine
scaip na caoirigh anonn sa snámh
a dhia nach ansin a bhí an t_ár mór déanta
ar aon fhear déag ‘s ochtar mná
كلمات أغنية عشوائية
- creeon - hope in hell كلمات أغنية
- txbias - percy freestyle (prod. elzio & jkei) كلمات أغنية
- lingv_265 - slide intro كلمات أغنية
- dom corleo - changed كلمات أغنية
- eric bellinger - flotus (live) كلمات أغنية
- thanasis papakonstantinou - τειρεσίας (teiresias) كلمات أغنية
- andreu valor - no és un adéu كلمات أغنية
- mac critter - any condition كلمات أغنية
- anxrx1st - курю كلمات أغنية
- wesda - what are your pronouns, cunt? كلمات أغنية