
danú - ar maidin inné dom كلمات أغنية
[verse 1]
ar maidin inné dom is déarach a bhíos_sa
go cathach im aonar ag déanamh mo smaointe
do dhearcas ag pléireacht go haerach im thimpeall
an eala ba shéimhe, ba chaoimhe, ba chaoine
do phreabas, do ritheas, do dhruideas ‘na comhair
do mheasas, do thuigeas nár mhiste dom’ shórt
a blaiseadh go milis in imeall a beoil
le taitneamh, le gile, le finne na hóighe
le maise, le glaine, le binne mo lóchrainn
[verse 2]
ba ghleannmhar, dréimreach, néamhrach, fraínseach
a carnfholt craobhach ‘na slaodaibh ag síneadh
go bachalach, péarlach, go réaltach, go soilseach
go camarsach craobhach, go néamhrach aoibhinn
ag feacadh ‘s ag filleadh ‘s ag sileadh ‘na deoidh
‘na mbeartaibh ‘na sruithibh, ‘na muirear go feor
go haltaibh, go huillinn, go frithir i gcomhad
go slamrach, comaireach, umarach, órga
‘na sraitheanna ag titim go himeallach ómrach
[interlude]
[verse 3]
“más carraig in éifeacht tú, i gcéill ‘s in intleacht
i bpearsain, i mbréithre, id ghné is id ghníomhartha
aithris dom féin sin i réimeanna ríora
a chara, an tú hélen, nó deirdre naoise?”
d’fhreagair an bhruinneall i ndlithe gan mhóid
“nach aithne duit mise anois, buime na dtreon
a bascadh, a milleadh, a cuireadh thar m’fheoir
le dalladh, le daille, le buille na gcóbach
a mhalartaigh mise le duine gan chóngas?”
[interlude]
[verse 4]
[?]
[verse 5]
“más cara duit séarlas mac shéamais, a ríoghain
is gairid go dtéarnaigh thar tréanmhuir dod choimhdeacht
le gasra de ghléirchatha gaelach, dea_ghníomhach
ag sealbhadh id shléibhte, id chaotha, is id choillte
ag treascairt gan tuisle le tuinseamh na dtreon
ag teascadh na droinge d’fhág sinne fé bhrón
go gcaithfid _ go gcluinfir le fuinneamh na sló _
a gcathracha cumais atá tuilte de sheoda
a thabhairt ar choimirce do chumainn ‘s do choróineach”
[outro]
كلمات أغنية عشوائية
- lori mckenna - how i love that man كلمات أغنية
- brandon kane - hot pants كلمات أغنية
- kutt calhoun - the best man كلمات أغنية
- chico debarge - slick (addiction) كلمات أغنية
- akala - f64 (knowledge is power freestyle) كلمات أغنية
- ted leo the pharmacists - bartolomeo and the buzzing of bees كلمات أغنية
- boss hogg outlawz - before yo eyes كلمات أغنية
- assassin - girls gone wild كلمات أغنية
- atozzio - u were there كلمات أغنية
- tat - sandra dee كلمات أغنية