
clannad - an bealach seo 'ta romham lyrics
is minic mé ag smaoitiú
is mé ag féachaint ar gach taobh dom
is feicim sluaite daoiní
eadar aosta agus óg
‘s iad fá dheifre shíoraí
ag siúl a’ bealach céanna
ina bhfuil mé féin go cloíte
ag taisteal leo sa ród
is leanfaidh siad a choíche
is saint ina gcroíthe
ag bailiú leo maoin shaolta
ó mhaidin go neoin
tá mise ag leanstan daofa
ní bhfaighidh mé sos ná scríste
go sroichí mé ceann scríbeadh
sa bhealach seo ‘tá romham
is iomaí cor is lúbadh
sa turas chun na huaighe
is iomaí ábhar buartha
‘casfar ort sa tslí
ach ‘s fusa iad a shárú
le greann agus le gáire
‘s a bheith i gcónaí sásta
nó a theacht le toil an rí
is c-ma cad é atá i ndán domh
ag dia amháin atá a fhios ag sin
ní bheidh mé choíche cráite
le buaireamh ná brón
ach cuirfidh mé mo dhóchas
i ndia mhór na glóire
is dhéanfaidh sé mo threorú
sa bhealach seo ‘tá romhainn
كلمات أغنية عشوائية
- frisco - make way lyrics
- cavalier band - wardon's pond lyrics
- snap capone - nothing personal (part 2) lyrics
- phil plested - habits lyrics
- nikaya - vacuum packed lyrics
- young thug - see you lyrics
- akuma the rapper - she's so nice lyrics
- swoope - before goodnight lyrics
- raphael warlock - camaleão só lyrics
- push push - jut life lyrics