
celia ní fhátharta - úna dheas ní nia كلمات أغنية
dá mbeinn mar a bhí mé lá eicínt, gan aois, gan pianta cnámha
ní choinneodh feara fáil mé as an áit a mbíodh mo mhian
bheinn go síoraí ag dearcadh a dealramh, is gile is deise is breáichte
leis an méid a dtug mé grá dhi rinne áras i mo chroí
cén t-ionadh na fir óga a bheith ag caint ar bhean i gcónaí
nó ag súil le blas a póigín, is í an óigh í a bheannaigh críost
ach ina diaidh ní mhairfead beo mí leis an méid a dtug mé grá dhi
is é mo léan gan mé is tú pósta, a úna dheas ní nia
an té a d’fheicfeadh í dé domhnaigh is í ag imeacht ina cóiriú
ba gheall leis an réalt eolais í ag dul romham amach sa tslí
ach ní baol seachmall ceo ar bith, ó, choíche ná go deo dhi
is an ghrian níor scairt sí fós orm a bhí chomh mómhar le mo mhian
is tá cúilín trilseach lonnmhar lag fite i ngar dá cluasa
‘s a dá grua mar an rósa is an lile ag briseadh thríd
is dhá bhfaigheadh na sluaite bás i ndiaidh na stuaire
san áit ar cheap dia lóistín di i dteorainn inis ní
dhá mbeadh sí suas in éifeacht in inmhe a bheith ina céile
an t-am úd a raibh na gréigigh ag dul chun cogadh leis an traoi
bheadh helen gan aon éileamh is ní bhuailfí buille ar aon taobh
is bheadh páras ina cheann réitigh ag úna dheas ní nia
dhá mba liomsa a bhfuil i bpáras faoi chumhacht bonaparte
ó, saibhreas rí na spáinne is é a fháil ar fad le roinnt
is níl pingin dá mbeadh ar m’fháltas nach dtabharfainn ina láimh dhi
le súil gur mise an páirtí a bheadh ag úna dheas ní nia
sí úna mhaiseach mhómhar, is gile, is deise is breáichte
le cróntacht is le mórtacht lena háilleacht is le gnaoi
is dhá bhfaighinn mo rogha le tógáil ar mhná breátha atá i gcríoch fódhla
sí úna bhán a thógfainn i dtosach ar mhná an tsaoil
كلمات أغنية عشوائية
- cecil frena - are you a cop? كلمات أغنية
- سميرة سعيد - hawa hawa | هوا هوا - samira said كلمات أغنية
- ocyris - it gon' sting كلمات أغنية
- medina azahara - la ultima batalla كلمات أغنية
- christine owman - if i told you كلمات أغنية
- sofiane - #jesuispasséchezso2023 كلمات أغنية
- umeli & frayu0 - run away كلمات أغنية
- yg pablo & sofiane pamart - 7ème ciel كلمات أغنية
- for the better - letting go كلمات أغنية
- yung vic - tru’s كلمات أغنية