aoife ní fhearraigh - neansaí mhíle grá كلمات الأغنية
a neansaí, ‘mhíle grá, a bhruinneall ‘tá gan smál
go bhfeice mise’n t-ádh ‘gus an séan ort
ba ghile do dhá láimh ná cúr geal na trá
ná’n eala ‘s í a’ snámh ar an éirne
is glaise liom do shúil ná braon beag den drúcht
is binne liomsa tú ná na téadaí
‘s mur’ n-éalaí tusa liomsa t-tfidh mé i lionndubh
‘gus cuirfear insa chill ‘do dhéidh mé
is iomaí sin guth mná a chluinimse ‘ngach aird
abhus agus taobh thall den éirne
go corcaigh na gcuan ‘s go béal ath’ na sluaigh
‘sí neansaí ‘thug bua ar a’ méid sin
a mhuire ‘gus a dhia, nárbh aoibhinn deas é’r saol
dá mbeinnse agus í le chéile?
tráthnóna aoibhinn ciúin, ó mise ‘gus mo rún
ag cogarnaíl ar uaigneas sléibhe
beir litir uaimse suas chuig
neansaí chaoin na gcuach
is aithris di gur buartha atá mé
aithris di arís nach gcodlaím féin aon oíche
le harraing atá trí mo thaobh deas
aithris é dá súil, aithris é dá cúl
aithris é dá méin mhaith chéillí
aithris é dá ceann ‘s dá béilín atá binn
gur ghiorraigh sí go cinnte mo laetha’
كلمات أغنية عشوائية
- dalriada - jános pap országa (részlet) كلمات الأغنية
- kalifa - engel oder teufel كلمات الأغنية
- nick cause - amelie poulain كلمات الأغنية
- diego pallavas - l'incendie (rire et pleurer de joie) كلمات الأغنية
- sean nicholas savage - abracadabra كلمات الأغنية
- prince yessahey - bars be intense كلمات الأغنية
- iam - vietman كلمات الأغنية
- ewa demarczyk - jaki śmieszny كلمات الأغنية
- bersuit vergarabat - la calavera كلمات الأغنية
- milmo - deter comme a l'armée كلمات الأغنية