
altan - caide sin don te sin? كلمات أغنية
chuaigh mé ‘un aonaigh ‘s dhíol mé mo bhó
ar chúig phunta airgid ‘s ar ghiní bhuí óir
má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?
má théim ‘na choilleadh chraobhaigh ‘cruinniú sméara nó cnó
a baint ullaí do ghéaga nó a buachailleacht bó
má shínim seal uaire faoi chrann a dhéanamh só
ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?
má théimse chuig airnéal ‘s rince ‘s spórt
chuig aonaigh nó rásaí, ‘s gach cruinniú den tseoirt
má bhíonn daoine súgach, ‘s má bhím súgach leo
ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?
deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh
gan earraí, gan éadal, gan bólacht nó stór
ach má tá mise sásta mo chónaí i gcró
ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?
chuaigh mé ‘un aonaigh ‘s dhíol mé mo bhó
ar chúig phunta airgid ‘s ar ghiní bhuí óir
má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?
كلمات أغنية عشوائية
- rebeldontrun - blame كلمات أغنية
- animeniac simey - full english brexit - part 2 كلمات أغنية
- plave - 버추얼 아이돌 (virtual idol) كلمات أغنية
- ak ausserkontrolle - soldat كلمات أغنية
- letwelvee "twelve" - ma part كلمات أغنية
- blagh & kiddix - m4 كلمات أغنية
- blighttown - don't touch me i'm covered in poisons كلمات أغنية
- sansar salvo - mekanda كلمات أغنية
- готч (higotch) - окутан сном (shrouded in sleep) كلمات أغنية
- amintor - bendito كلمات أغنية